Translation services | Tenderlake

Translation services

Contract Value:
EUR 650K - 650K
Notice Type:
Contract Notice
Published Date:
07 April 2018
Closing Date:
04 May 2018
Location(s):
IE IRELAND
Description:

Is mian le TG4 cuideachta ghairmiúil a cheapadh chun Seirbhísí Eolais Sceideal agus Seirbhísí Comhairleoireacht Teanga a sholáthar chun cabhrú le TG4 i ndáil leis an tslí ina ndéantar réamheolas a chur ar fáil I bhfoilseacháin, ar líne, agus ar an scáileán.

Tá iarratais á lorg ó iarrthóirí cuí-cháilithe go roghnófar iad lena gcur san áireamh ar ghearrliosta rannpháirtithe i bpróiseas comórtais tairisceana maidir le freagra iomaíoch a sholáthar i ngach ceann de na seirbhísí seo a leanas:

Mír 1 – Seirbhísí Eolais Sceideal.

Mír 2 – Seirbhísí Comhairleoireacht Teanga.

Tabhair le fios go bhfeadfaí an conradh seo a dhámhadh ar thairgeoir amháin nó níos mó.

Déanfar aon chonradh a bhronnfar mar thoradh ar an gcomórtas tairisceana seo a bhronnadh ar feadh tréimhse trí (3) bliana agus féidearthacht ann go gcuirfí síneadh leis an gconradh suas le dá (2) bhliain, ach sin de rogha TG4 amháin.


Seirbhísí Eolais Sceideal

I saol na géar-iomaíochta teilifíse, is minic rogha féachana an phobail ag brath cuid mhaith ar fheabhas agus ar mhealltacht an réamheolais a chuirtear ar fáil dó i bhfoilseacháin agus ar an scáileán. Bíonn meascán den iriseoireacht, den mhargaíocht agus den fhógraíocht i gceist i ndréachtú an réamheolais seo.


Seirbhísí Comhairleoireacht Teanga

Fáilteoidh TG4 roimh thairiscintí do Sheirbhís Chomhairleoireachta Teanga.

Is seirbhís thábhachtach í seo le tacú le TG4 ina h-aidhm ard chaighdeán scríofa a bheith i ngach foilsiúchán dá gcuid.

Download full details as .pdf
The Buyer:
TG4
CPV Code(s):
79530000 - Translation services