Tá cuireadh á thabhairt ag Foras na Gaeilge d'iarrthóirí tairiscintí a dhéanamh maidir le cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar an suíomh beo don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, www.focloir.ie
Tá cuireadh á thabhairt ag Foras na Gaeilge d'iarrthóirí tairiscintí a dhéanamh maidir le cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar an suíomh beo don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, www.focloir.ie. Is iad seo a leanas na táirgí agus na seirbhísí atá i gceist leis seo:
(a) Bogearraí a chumasaíonn an Bunchuardach sa Bhéarla ar bhunachar XML an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge (FNBG);
(b) Bogearraí a chumasaíonn an Bunchuardach sa Ghaeilge;
(c) Bogearraí a chumasaíonn na feidhmeanna tánaisteacha – na Comhaid Ghramadaí, na Comhaid Fuaime, an Cuardach Casta, Focal an Lae agus Brabhsáil an Fhoclóra;
(d) Óstáil agus bainistiú an tsuímh.
Is don tréimhse 2017-2019 (3 bliana) atá tairiscintí á lorg; d'fhéadfaí an conradh a shíneadh ar bhonn bliantúil go dtí 4 nó 5 bliana, ar chomhaontú an Fhorais agus an Chonraitheora.