Tá cuireadh á thabhairt ag Foras na Gaeilge d’iarrthóirí tairiscintí a dhéanamh maidir le hobair forbartha agus eagarthóireachta ar an mBunachar Náisiúnta Téarmaíochta Gaeilge (www.tearma.ie), sa tréimhse Meitheamh 2017 - Bealtaine 2020.
Tá cuireadh á thabhairt ag Foras na Gaeilge d'arrthóirí tairiscintí a dhéanamh maidir le hobair forbartha agus eagarthóireachta ar an mBunachar Náisiúnta Téarmaíochta Gaeilge (www.tearma.ie), sa tréimhse Meitheamh 2017 - Bealtaine 2020.
San Iarraidh ar Thairiscintí (IAT) seo tá na tascanna seo a leanas i gceist:
(a) Cothabháil, bainistiú agus eagrú teicniúil ar www.tearma.ie (i gcomhair leis an gconraitheoir óstála);
(b) Na feidhmeanna reatha uile a bhaineann le www.tearma.ie a bhogadh ón ardán Léacslann go dtí ardán níos nua-aimseartha;
(c) Leasuithe a chur i gcrích ar chomhéadain www.tearma.ie, de réir mar a iarrfaidh Foras na Gaeilge;
(d) Riar eagarthóireachta a dhéanamh ar an téarmaíocht atá sa bhunachar téarmaíochta, de réir mar a iarrfaidh Foras na Gaeilge;
(e) Comhoibriú leis an gconraitheoir óstála sa mhéid is gá.